Monday 23 August 2010

Is Afraiceach mé (Irish)

I Am An African by Wayne Visser
Irish Translation


Is Afraiceach mé
Ní mar gheall gur ann a rugadh mé
Ach toisc go mbuaileann mo chroí go hAfraiceach
Is Afraiceach mé
Ní mar gheall ar mo chraiceann gorm
Ach toisc go bhfuil m’intinn gafa ag an Aifric
Is Afraiceach mé
Ní mar gheall ar go bhfuil cónaí orm ar an talamh sin
Ach toisc go bhfuil m’anam sa mbaile san Afraic.

Nuair a dhéanann an Aifric gol i ndiaidh a clainne
Bíonn mo chuid leicne ruaimnithe le deóra
Nuair a thugann an Aifric onóir dá cuid daoine aosta
Cromaim mo cheann le hómós
Nuair a chaoineann an Aifric i ndiaidh a cuid íobairtí
Bíónn mo lámha ceangailte in urnaí
Nuair a cheiliúrann an Aifric a caithréim
Bíonn mo chosa beo ag damhmsaíocht

Is Afraiceach mé
Mar baineann a spéartha gorma an anáil asaim
Agus is geal a bhíonn mo dhóchas sa todhchaí
Is Afraiceach mé
Mar beannaíonn a muintir rómham mar fhine
Is múineann siad brí phobail dom
Is Afraiceach mé
Mar múchann a fiáine mo spiorad
Is bheireann níos gaire do fhoinse na beatha mé

Nuair a bhuaileann ceól na hAfraice sa ngaoth
Ritheann mo chuid fola lena rithim
Is tiontaím imo úscra fuaime
Nuair a ghealann dathanna na hAfraice faoin ngrian
Ólann mo chéadfaí ina tuar ceatha
Is athraítear go pailéad an dúchais mé
Nuair a chloistear macalla scéalta na hAfraice cois tine
Bíonn mo chosa ag siúl ina slite
Is athraítear go lorg coise na staire mé

Is Afraiceach mé
Mar is í cliabhán ár mbreithe í
A chothaíonn críónnacht ársa
Is Afraiceach mé
Mar maireann sí faoi scáth an domhain
Is pléascann sí le lonrachas radánta
Is Afraiceach mé
Mar is í dúchas na todhchaí í
Is aithním gur naofa a cuid bronntanaisí 


Creative Commons 2005
Translation by Eoin Ó Murchú 2010

No comments:

Post a Comment